Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 8:33-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. D'fhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne é, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?” D'fhreagair Íosa iad:

34. “Amen, Amen, a deirim libh,gach duine a dhéanann peaca,tá sé in a dhaor ag an bpeaca.

35. Ní fhanann an daor sa teach de shíor,ach fanann an mac de shíor.

36. Má shaorann an mac sibh dá bhrí sinbeidh sibh saor dáiríre.

37. Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh,ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú,mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.

38. Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m'Athair.Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibhó bhur n‑athair.”

39. D'fhreagaír siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n‑athair.” Dúirt Íosa leo:“Más clann d'Abrahám sibh,déanaigí mar a rinne Abrahám.

40. Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú,duine a labhair an fhírinne libh,faoi mar a chuala í ó m'Athair.Ní dhearna Abrahám é sin.

41. Déanann sibhse obair bhur n‑athar féin.”Dúirt siad leis: “Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.”

42. Dúirt Íosa leo:“Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa.Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé;mar ní uaim féin a tháinig mé,ach chuir seisean uaidh mé.

43. Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint?De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.

44. Is ón diabhal, mar athair, sibhseagus is iad mianta bhur n‑athara theastaíonn uaibh a dhéanamh.Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús,agus níor sheas sé san fhírinne,mar níl aon fhírinne ann.Nuair a labhraíonn sé an bhréaglabhraíonn sé as a stór féin,mar is bréagaire éagus is é athair an bhréagaire é.

45. Ach de bhrí go labhraímse an fhírinne,ní chreideann sibhse mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 8