Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 8:23-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Lean sé air:“Is ón áit thíos sibhse,” ar sé leo,“is ón áit thuas mise.Is den saol seo sibhse,ní den saol seo mise.

24. Uime sin a dúirt mé libh:‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’Mura gcreideann sibh gur mise é,Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”

25. Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo:“Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?

26. Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh.Ach is fíor é an té a chuir uaidh méagus na nithe a chuala mé uaidhis iad a labhraím sa saol.”

27. Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin:

28. “Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine,ansin beidh a fhios agaibh gur mise é,agus nach ndéanaim aon ní uaim féin,ach gur mar a theagasc an tAthair doma labhraím na nithe seo.

29. An té a chuir uaidh mé,tá sé in éineacht liom.Níor fhág sé i m'aonar mé,óir déanaim i gcónaína nithe is taitneamhach leis.”

30. Chreid a lán ann agus na nithe sin á rá aige.

31. Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann:“Má fhanann sibh ar mo bhriathar,beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,

32. agus beidh fios na fírinne agaibh,agus saorfaidh an fhírinne sibh.”

33. D'fhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne é, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?” D'fhreagair Íosa iad:

34. “Amen, Amen, a deirim libh,gach duine a dhéanann peaca,tá sé in a dhaor ag an bpeaca.

35. Ní fhanann an daor sa teach de shíor,ach fanann an mac de shíor.

36. Má shaorann an mac sibh dá bhrí sinbeidh sibh saor dáiríre.

37. Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh,ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú,mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.

38. Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m'Athair.Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibhó bhur n‑athair.”

39. D'fhreagaír siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n‑athair.” Dúirt Íosa leo:“Más clann d'Abrahám sibh,déanaigí mar a rinne Abrahám.

40. Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú,duine a labhair an fhírinne libh,faoi mar a chuala í ó m'Athair.Ní dhearna Abrahám é sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 8