Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 8:19-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil d'Athair?” D'fhreagair Íosa:“Níl aithne agaibh ormsa ná ar m'Athair.Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,bheadh aithne agaibh ar m'Athair chomh maith.”

20. Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.

21. Dúirt Íosa leo arís:“Tá mé ag imeachtagus beidh sibh ar mo lorg,agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca.An áit ina bhfuilim ag dul,ní féidir daoibhse teacht.”

22. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar á rá: “An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann’?”

23. Lean sé air:“Is ón áit thíos sibhse,” ar sé leo,“is ón áit thuas mise.Is den saol seo sibhse,ní den saol seo mise.

24. Uime sin a dúirt mé libh:‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’Mura gcreideann sibh gur mise é,Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”

25. Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo:“Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?

26. Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh.Ach is fíor é an té a chuir uaidh méagus na nithe a chuala mé uaidhis iad a labhraím sa saol.”

27. Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin:

28. “Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine,ansin beidh a fhios agaibh gur mise é,agus nach ndéanaim aon ní uaim féin,ach gur mar a theagasc an tAthair doma labhraím na nithe seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 8