Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 6:53-67 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

53. Dúirt Íosa leo:“Amen, Amen, a deirim libh,mura n‑íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,agus a chuid fola a ól,ní bheidh beatha agaibh ionaibh.

54. An té a itheann m'fheoilagus a olann m'fhuil,tá an bheatha shíoraí aige,agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.

55. Is bia go fíor mo chuid feolaagus is deoch go fíor mo chuid fola.

56. An té a itheann m'fheoil agus a ólann m'fhuilcónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.

57. Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh,agus mar is beo mise tríd an Athair,mar an gcéanna, an té a itheann mise,mairfidh sé tríom.

58. Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.Ní ionann is an manna ar ith bhur n‑aithreacha éagus go bhfuil siad marbh;an té a itheann an t‑arán seo,mairfidh sé go deo.”

59. Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg.

60. Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: “Is crua an chaint í seo, agus cé a d'fhéadfadh éisteacht léi?”

61. Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?

62. Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?

63. Is é an spiorad a dhéanann beoú,ní dhéanann an fheoil aon tairbhe.Na focail atá ráite agam libh,is spiorad agus is beatha iad.

64. Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.”Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath.

65. Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d'aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m'Athair.”

66. Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.

67. Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: “Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 6