Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 6:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Nuair a d'ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?”

6. Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh.

7. D'fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d'arán chun go mbeadh greim an duine acu.”

8. Dúirt duine dá dheisceabail leis - ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar:

9. “Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?”

10. Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí” - bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine.

11. Agus thóg Íosa na builíní, d'altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b'áil leo de na héisc.

12. Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 6