41. Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.”
42. “Nach é seo,” a deiridís, “Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?”
43. D'fhreagair Íosa: “Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin,” ar sé.
44. “Ní féidir d'aon duine teacht chugam,gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt,agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach.
45. Tá sé scríofa sna fáithe:‘Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’An té a chluineann teagasc an Athar,agus a fhoghlaimíonn,tagann sé chugamsa.
46. Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair;ach an té atá tagtha ón Athair,chonaic seisean an tAthair.
47. Amen, Amen, a deirim libh,an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige.
48. Mise arán na beatha.
49. D'ith bhur n‑aithreacha manna san fhásachagus fuair siad bás.
50. Is é seo an t‑arán a thagann anuas ó neamh,i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.
51. Is mise an t‑arán beoa tháinig anuas ó neamh.Má itheann duine an t‑arán seomairfidh sé go deo,agus an t‑arán a thabharfaidh mé uaimis é m'fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
52. Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?”
53. Dúirt Íosa leo:“Amen, Amen, a deirim libh,mura n‑íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,agus a chuid fola a ól,ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
54. An té a itheann m'fheoilagus a olann m'fhuil,tá an bheatha shíoraí aige,agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
55. Is bia go fíor mo chuid feolaagus is deoch go fíor mo chuid fola.
56. An té a itheann m'fheoil agus a ólann m'fhuilcónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.