13. Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d'fhág na daoine a fuair an béile.
14. Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.”
15. Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.
16. Nuair a bhí an tráthnóna ann chuaigh a dheisceabail síos chun na farraige,
17. agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós.
18. Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d'éirigh suaitheadh ar an bhfarraige.
19. Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d'fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu.
20. Ach dúirt sé leo: “Mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.”
21. B'áil leo ansin é thógáil isteach sa long, agus bhí an long gan aon mhoill ag an talamh mar a raibh siad ag dul.
22. Lá arna mhárach chonaic an slua a d'fhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t‑aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin.
23. Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna.
24. Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa.