Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 4:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia.

9. Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n‑iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.

10. D'fhreagair Íosa:“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,“agus cé hé a deir leat:‘Tabhair dom deoch,’is tusa a bheadh ag iarraidh airsean,agus thabharfadh sé duit uisce beo.”

11. “Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t‑uisce beo seo?

12. An amhlaidh gur mó thú ná ár n‑athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”

13. D'fhreagair Íosa:“Gach duine a ólann an t‑uisce seo,” ar sé léi,“beidh tart arís air.

14. Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó,ní bheidh tart air go brách na breithe.Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó,déanfaidh tobar uisce de istigh ann,ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”

15. Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t‑uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”

16. Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d'fhear agus fill anseo.”

17. D'fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;

18. óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d'fhear é. D'inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”

19. Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 4