Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 4:47-54 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

47. Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d'iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.

48. Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.”

49. Dúirt an t‑oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.”

50. Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.” Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d'imigh.

51. Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d'inis siad dó go raibh a mhac beo.

52. D'fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné d'fhág an fiabhras é.”

53. Thuig an t‑athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad.

54. Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 4