30. Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
31. Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”
32. Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.”
33. Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?”
34. Dúirt Íosa leo:“Is é is bia domsatoil an té a chuir uaidh mé a dhéanamhagus a obair a chur i gcrích.
35. Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eileagus beidh an fómhar ann’?Seo mise á rá libh:Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;tá siad geal chun an fhómhair.
36. Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin,agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí,i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóiragus ar an mbuanaí in éineacht.
37. Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo:‘Cuireann duine, baineann duine eile.’
38. Sheol mise sibhse uaimchun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin.Shaothraigh daoine eile é,agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.”
39. Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D'inis sé dom gach ní dá ndearna mé.”
40. Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d'fhan sé ansiúd dhá lá.
41. Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair
42. agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
43. Tar éis an dá lá d'fhág sé an áit sin agus d'imigh don Ghailíl.