Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 4:3-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. d'fhág sé Iúdáia agus d'imigh sé arís don Ghailíl.

4. Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire.

5. Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef.

6. Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é.

7. Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.”

8. Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia.

9. Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n‑iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.

10. D'fhreagair Íosa:“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,“agus cé hé a deir leat:‘Tabhair dom deoch,’is tusa a bheadh ag iarraidh airsean,agus thabharfadh sé duit uisce beo.”

11. “Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t‑uisce beo seo?

12. An amhlaidh gur mó thú ná ár n‑athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”

13. D'fhreagair Íosa:“Gach duine a ólann an t‑uisce seo,” ar sé léi,“beidh tart arís air.

14. Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó,ní bheidh tart air go brách na breithe.Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó,déanfaidh tobar uisce de istigh ann,ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”

15. Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t‑uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”

16. Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d'fhear agus fill anseo.”

17. D'fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;

18. óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d'fhear é. D'inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 4