26. Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”
27. Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?”
28. Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d'imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine:
29. “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d'inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?”
30. Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
31. Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”
32. Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.”
33. Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?”