Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 4:16-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d'fhear agus fill anseo.”

17. D'fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;

18. óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d'fhear é. D'inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”

19. Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú.

20. Ar an gcnoc seo a rinne ár n‑aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.”

21. Dúirt Íosa léi:“Creid uaimse é, a bheango bhfuil an uain ag teachtnuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéima dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.

22. Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh;adhraimidne an ní is eol dúinn;mar is ó na Giúdaigh an slánú.

23. Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é,ina ndéanfaidh lucht an fhíoradharthaan tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne;óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.

24. Spiorad é Dia, agus lucht a adharthais i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”

25. Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”

26. Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”

27. Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?”

28. Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d'imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine:

29. “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d'inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?”

30. Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.

31. Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”

32. Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.”

33. Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 4