Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 20:15-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Dúirt Íosa léi: “A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.”

16. “A Mháire,” arsa Íosa léi. D'iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí,” is é sin le rá: “A Mháistir!”

17. “Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m'Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’ ”

18. Tháinig Máire Mhaigdiléana leis an scéala do na deisceabail: “Chonaic mé an Tiarna,” agus go ndúirt sé na nithe sin léi.

19. Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”

20. Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna.

21. Dúirt Íosa leo ansin arís:“Síocháin daoibh!Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise,táimse do bhur gcursa uaim freisin.”

22. Arna rá sin dó, d'análaigh sé orthu agus dúirt leo:“Glacaigí an Spiorad Naomh.

23. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh,beidh siad maite dóibh;na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí,beidh a bpeacaí coinnithe.”

24. Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa.

25. Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo: “Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.”

26. Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!”

27. Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”

28. D'fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 20