Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 20:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama.

2. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”

3. Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama.

4. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama.

5. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach.

6. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí

7. agus an brat a bhí ar a cheann - ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin.

8. Ansin an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé.

9. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.

10. Ansin d'imigh na deisceabail abhaile arís.

11. Agus bhí Máire ina seasamh lasmuigh in aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di chrom sí síos agus d'fhéach isteach sa tuama,

12. agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t‑aingeal eile ag na cosa.

13. “Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,” ar siad léi. “Mar gur thóg siad mo Thiarna,” ar sí leo, “agus nach eol dom cár chuir siad é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 20