Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 2:12-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus d'fhan siad ann beagán laethanta.

13. Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.

14. Fuair sé sa sanctóir lucht ba agus caoirigh agus colmáin a dhíol, agus lucht airgead a mhalartú ina suí ann.

15. Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird,

16. agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol: “Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach m'Athar.”

17. Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.”

18. D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”

19. D'fhreagair Íosa: “Leagaigí an teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.”

20. Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”

21. Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt.

22. Nuair a d'aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.

23. Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige.

24. Ach Íosa féin, níor thug sé é féin ar iontaoibh dóibh mar gurb aithnid dó iad go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 2