Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 19:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Chuaigh Pioláit amach arís agus dúirt sé leo: “Féach, táim á thabhairt amach chugaibh, chun go mbeadh a fhios agaibh nach bhfaighim cúis daortha ann.”

5. Tháinig Íosa amach ansin, an choróin dheilgneach air agus an brat corcra, agus dúirt [Pioláit] leo: “Siúd é an duine!”

6. Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: “Céas é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí sibhse é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.”

7. D'fhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d'fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”

8. Nuair a chuala Pioláit an chaint sin, ba mhó ná riamh a eagla.

9. Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le Íosa: “Cad as duit?” Ach níor thug Íosa aon fhreagra air.

10. Dúirt Pioláit leis ansin: “An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?”

11. D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”

12. Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.”

13. Nuair a chuala Pioláit na focail sin, sheol sé Íosa amach agus chuaigh féin ina shuí breithimh, san áit ar a dtugtar an Chúirt Phábháilte - Gabata atá san Eabhrais air.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 19