24. Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé” - chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin.
25. Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.
26. Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.”
27. Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.
28. Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.”
29. Bhí soitheach ansiúd lán d'fhínéagar. Thum siad spúinse as an bhfínéagar agus chuir siad ar bharr chraobh iosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é.
30. Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcrích.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad.
31. Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide - óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin - rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí.
32. Mar sin tháinig na saighdiúirí agus bhris siad lorgaí an chéad duine agus an duine eile a céasadh mar aon leis.
33. Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí,
34. ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach.
35. Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith.
36. Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.”