Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 19:23-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh - sciar don saighdiúir acu - agus an t‑ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas.

24. Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé” - chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin.

25. Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.

26. Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.”

27. Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.

28. Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.”

29. Bhí soitheach ansiúd lán d'fhínéagar. Thum siad spúinse as an bhfínéagar agus chuir siad ar bharr chraobh iosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é.

30. Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcrích.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad.

31. Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide - óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin - rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí.

32. Mar sin tháinig na saighdiúirí agus bhris siad lorgaí an chéad duine agus an duine eile a céasadh mar aon leis.

33. Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí,

34. ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach.

35. Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith.

36. Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.”

37. Agus tá scrioptúr eile a deir: “Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.”

38. Ina dhiaidh sin d'iarr Iósaef ó Airiomatáia cead ar Phioláit - ba dheisceabal d'Íosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach - corp Íosa a bhreith leis, agus thug Pioláit an cead.

39. Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin - é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús - tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain.

40. Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach.

41. San áit inar céasadh Íosa bhí gairdín, agus sa ghairdín sin bhí tuama nua nár cuireadh aon duine ann riamh roimhe.

42. Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 19