Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 19:15-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D'fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.”

16. Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta.

17. Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn - a dtugtar Golgota san Eabhrais air.

18. Chéas siad é ansiúd agus beirt eile in éineacht leis, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill.

19. Scríobh Pioláit fógra le cur ar an gcros, agus ba é an fógra: “Íosa ó Nazarat, rí na nGiúdach.”

20. Léigh mórán de na Giúdaigh an fógra sin, mar ba ghearr ón gcathair an áit inar céasadh Íosa agus bhí an scríbhinn in Eabhrais, i nGréigis agus i Laidin.

21. Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Pioláit: “Ná scríobh, ‘rí na nGiúdach,’ ach, ‘dúirt sé seo: Is mé rí na nGiúdach.’ ”

22. D'fhreagair Pioláit: “An rud atá scríofa agam, tá sé scríofa.”

23. Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh - sciar don saighdiúir acu - agus an t‑ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas.

24. Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé” - chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin.

25. Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.

26. Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 19