10. Dúirt Pioláit leis ansin: “An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?”
11. D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”
12. Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.”
13. Nuair a chuala Pioláit na focail sin, sheol sé Íosa amach agus chuaigh féin ina shuí breithimh, san áit ar a dtugtar an Chúirt Phábháilte - Gabata atá san Eabhrais air.
14. Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: “Féach, sin é bhur rí!”
15. Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D'fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.”
16. Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta.
17. Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn - a dtugtar Golgota san Eabhrais air.
18. Chéas siad é ansiúd agus beirt eile in éineacht leis, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill.
19. Scríobh Pioláit fógra le cur ar an gcros, agus ba é an fógra: “Íosa ó Nazarat, rí na nGiúdach.”
20. Léigh mórán de na Giúdaigh an fógra sin, mar ba ghearr ón gcathair an áit inar céasadh Íosa agus bhí an scríbhinn in Eabhrais, i nGréigis agus i Laidin.