Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 18:28-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.

29. Mar sin, tháinig Pioláit amach chucu agus dúirt: “Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?”

30. D'fhreagair siad: “Mura mbeadh gur choirpeach é seo,” ar siad leis, “ní thabharfaimis ar láimh duit é.”

31. Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí féin é, agus triailigí é de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis: “Ní dleathach dúinne aon duine a chur chun báis” -

32. chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íosa á chur in iúl cén sórt báis ba dhán dó a fháil.

33. Ansin chuaigh Pioláit isteach sa Phréatóiriam arís ag glaoch ar Íosa agus dúirt sé leis: “An tusa rí na nGiúdach?”

34. D'fhreagair Íosa: “An uait féin a deir tú an méid sin, nó an daoine eile a dúirt leat é mar gheall orm?”

35. D'fhreagair Pioláit: “An Giúdach mise? Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom tú. Cad tá déanta agat?”

36. D'fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 18