Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 18:25-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd á ghoradh féin. Dúirt siad leis: “Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?” Shéan seisean é: “Ní hea,” ar sé.

26. Dúirt duine de sheirbhísigh an ardsagairt, gaol don duine ar bhain Peadar an chluas de: “Nach bhfaca mé thú sa ghairdín in éineacht leis?”

27. Shéan Peadar arís é, agus ghlaoigh an coileach láithreach.

28. Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.

29. Mar sin, tháinig Pioláit amach chucu agus dúirt: “Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?”

30. D'fhreagair siad: “Mura mbeadh gur choirpeach é seo,” ar siad leis, “ní thabharfaimis ar láimh duit é.”

31. Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí féin é, agus triailigí é de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis: “Ní dleathach dúinne aon duine a chur chun báis” -

32. chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íosa á chur in iúl cén sórt báis ba dhán dó a fháil.

33. Ansin chuaigh Pioláit isteach sa Phréatóiriam arís ag glaoch ar Íosa agus dúirt sé leis: “An tusa rí na nGiúdach?”

34. D'fhreagair Íosa: “An uait féin a deir tú an méid sin, nó an daoine eile a dúirt leat é mar gheall orm?”

35. D'fhreagair Pioláit: “An Giúdach mise? Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom tú. Cad tá déanta agat?”

36. D'fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”

37. Dúirt Pioláit leis: “Ach is rí thú ámh?” D'fhreagair Íosa: “De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol - chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.”

38. Dúirt Pioláit leis: “Cad is fírinne ann?” Agus arna rá sin dó, ghabh sé amach arís chun na nGiúdach, agus dúirt leo: “Ní fhaighim aon chúis daortha ann.

39. Ach tá nós agaibh go scaoilfinn príosúnach chugaibh sa Cháisc. Ar mhaith libh go scaoilfinn chugaibh rí na nGiúdach?”

40. Ach scread siad amach arís: “Ní hé seo, ach Barabas.” Agus robálaí a ba ea Barabas.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 18