17. Labhair an bandoirseoir ansin le Peadar: “An ea gur duine thú de dheisceabail an fhir seo?” Dúirt seisean: “Ní hea.”
18. Bhí na seirbhísigh agus na póilíní tar éis tine ghualaigh a chur síos mar bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh á ngoradh féin. Bhí Peadar comh maith ina sheasamh in éineacht leo, á ghoradh féin.
19. Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus a theagaisc.
20. D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.
21. Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iadsan, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.”
22. Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t‑ardsagart?”
23. D'fhreagair Íosa é: “Má labhair mé go héagóir, cruthaigh an éagóir; ach má labhair mé go ceart, cén fáth a mbuaileann tú mé?”
24. Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas an t‑ardsagart.
25. Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd á ghoradh féin. Dúirt siad leis: “Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?” Shéan seisean é: “Ní hea,” ar sé.
26. Dúirt duine de sheirbhísigh an ardsagairt, gaol don duine ar bhain Peadar an chluas de: “Nach bhfaca mé thú sa ghairdín in éineacht leis?”
27. Shéan Peadar arís é, agus ghlaoigh an coileach láithreach.
28. Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.
29. Mar sin, tháinig Pioláit amach chucu agus dúirt: “Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?”
30. D'fhreagair siad: “Mura mbeadh gur choirpeach é seo,” ar siad leis, “ní thabharfaimis ar láimh duit é.”