Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 13:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Tháinig sé chomh fada le Síomón Peadar agus dúirt seisean leis: “Tusa a ní mo chos-sa, a Thiarna!”

7. D'fhreagair Íosa é: “Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,” ar sé leis, “ach tuigfidh tú ar ball é.”

8. Dúirt Peadar leis: “Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!” D'fhreagair Íosa é: “Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom.”

9. Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, ní amháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!”

10. Dúirt Íosa leis: “Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní [ach a chosa]; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibhse glan, ach níl gach duine agaibh glan.”

11. Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: “Níl gach duine agaibh glan.”

12. Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: “An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh?

13. Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin.

14. Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní.

15. Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibhse mar an gcéanna.

16. Amen, Amen, a deirim libh,níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir,ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 13