Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 13:30-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus d'imigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann.

31. Nuair a d'imigh sé amach, dúirt Íosa:“Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois,agus tá glóir faighte ag Dia ann.

32. Má fuair Dia glóir ann,tabharfaidh Dia glóir dósan ann féin,agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.

33. A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair.Beidh sibh ar mo lorg,agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh,deirim libhse arís:‘An áit ina bhfuilimse ag dulní féidir daoibhse teacht.’

34. Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh,go dtabharfadh sibh grá dá chéile;faoi mar a thug mise grá daoibhse,go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.

35. As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibhmá bhíonn grá agaibh dá chéile.”

36. Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”

37. Dúirt Peadar leis: “A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m'anam ar do shon.”

38. D'fhreagair Íosa: “An dtabharfaidh tú d'anam ar mo shon? Amen, Amen, a deirim leat ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire!

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 13