Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 13:16-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Amen, Amen, a deirim libh,níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir,ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.

17. Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibhmá dhéanann sibh iad.

18. “Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’

19. Táim á insint sin daoibh anois,roimh ré, sula dtarlaíonn sé,i dtreo, nuair a tharlaíonn sé,go gcreidfidh sibh gur mise é.

20. Amen, Amen, a deirim libh,an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim,is mise a ghlacann sé;agus an té a ghlacann mise,glacann sé an té a chuir uaidh mé.”

21. Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”

22. D'fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé.

23. Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó.

24. Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.”

25. Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: “Cé hé féin, a Thiarna?”

26. D'fhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é.

27. Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 13