Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 12:34-47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

34. D'fhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?”

35. Dúirt Íosa leo ansin:“Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag.Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh,i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh.An té a shiúlann sa dorchacht,níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.

36. Fad tá an solas agaibh creidigí sa solaschun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas.”Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d'imigh agus cheil é féin orthu.

37. Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann -

38. ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: “A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?”

39. Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís:

40. “Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”

41. Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air.

42. San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.

43. Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé.

44. Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt:“An té a chreideann ionamsa,ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.

45. Agus an té a fheiceann mise,feiceann sé an té a chuir uaidh mé.

46. Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saoli dtreo, gach duine a chreideann ionamsa,nach bhfanfadh sé sa dorchacht.

47. Má chluineann aon duine mo bhriathraagus nach gcoinneoidh sé iad,ní mise a thugann daorbhreith air,óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saola tháinig mé,ach chun an saol a shaoradh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 12