Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 12:19-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”

20. Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile.

21. Tháinig siadsan mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus d'iarr siad achainí air: “A thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil,” ar siad.

22. Tháinig Pilib agus d'inis sé d'Aindrias é, agus ansin tháinig Aindrias agus Pilib agus d'inis siad d'Íosa é.

23. D'fhreagair Íosa iad agus dúirt:“Tá an uair tagthachun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.

24. Amen, Amen, a deirim libh,an gráinne arbhair a thit sa talamh,mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin.Ach má fhaigheann sé bás,tugann sé toradh mór uaidh.

25. An té a thugann grá dá anam féin,caillfidh sé é,agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo,déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.

26. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa,leanadh sé mé,agus an áit ina mbímse,is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith.Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa,tabharfaidh m'Athair onóir dó.

27. Tá buaireamh ar m'anam anois.Cad déarfaidh mé?‘A Athair, saor mé ón uair seo’?Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo.

28. Athair, tabhair glóir do d'ainm!”Ansin tháinig guth ó neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.”

29. Arna chloisteáil don slua a bhí ina seasamh timpeall, dúirt siad gur toirneach a rinneadh; dúirt cuid acu: “Aingeal a labhair leis.”

30. D'fhreagair Íosa: “Ní ar mo shonsa,” ar sé, “a tharla an guth, ach ar bhur sonsa.

31. Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo.Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.

32. Má ardaítear mise ón talamhtarraingeoidh mé gach duine chugam féin.”

33. Dúirt sé an méid sin á chur in iúl cén sórt báis a bhí i ndán dó a fháil.

34. D'fhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?”

35. Dúirt Íosa leo ansin:“Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag.Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh,i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh.An té a shiúlann sa dorchacht,níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.

36. Fad tá an solas agaibh creidigí sa solaschun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas.”Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d'imigh agus cheil é féin orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 12