Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 11:35-46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Bhris a ghol ar Íosa.

36. Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: “Féach, cad é cion a bhí aige air!”

37. Ach dúirt cuid acu: “An té seo a d'oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?”

38. Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal.

39. Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.”

40. Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?”

41. D'aistrigh siad an líog ansin agus d'ardaigh Íosa a shúile agus dúirt:“A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;

42. bhí a fhios agam féin go n‑éisteann tú liom i gconaí;ach is ar son an tsluaatá ina seasamh anseo i mo thimpeall,a labhair mé,chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”

43. Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: “A Lazaras, tar amach!”

44. Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.”

45. Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.

46. Ach d'imigh cuid acu go dtí na Fairisínigh agus d'inis siad dóibh cad a rinne Íosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 11