34. agus dúirt sé: “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis: “Tar, a Thiarna, agus feic.”
35. Bhris a ghol ar Íosa.
36. Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: “Féach, cad é cion a bhí aige air!”
37. Ach dúirt cuid acu: “An té seo a d'oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?”
38. Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal.
39. Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.”
40. Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?”