Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 11:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig.

3. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”

4. Arna chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”

5. Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras.

6. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d'fhan sé dhá lá mar a raibh sé.

7. Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: “Téimis go Iúdáia arís.”

8. Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?”

9. D'fhreagair Íosa:“Nach bhfuil dhá uair déag sa lá?Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle,mar feiceann sé solas an tsaoil seo.

10. Ach má shiúlann sé san oíche,faigheann sé barrthuisle mar níl an solas sa duine sin.”

11. Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.”

12. Dúirt a dheisceabail leis ansin: “Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.”

13. Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé.

14. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh;

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 11