Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 11:18-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim.

19. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.

20. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D'fhan Máire ina suí sa teach.

21. Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.

22. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.”

23. Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.”

24. “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n‑éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 11