Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 11:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Dúirt a dheisceabail leis ansin: “Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.”

13. Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé.

14. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh;

15. agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.”

16. Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”

17. Ar theacht d'Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama.

18. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim.

19. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.

20. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D'fhan Máire ina suí sa teach.

21. Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.

22. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.”

23. Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.”

24. “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n‑éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.”

25. Dúirt Íosa léi:“Mise an t‑aiséirí agus an bheatha;An té a chreideann ionamsa,fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 11