Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 10:25-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. D'fhreagair Íosa iad:“D'inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh.Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m'Athar,tugann siad fianaise i mo thaobh.

26. Ach ní chreideann sibhse,mar ní de mo chaoirigh sibh.

27. Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,agus aithním iad, agus leanann siad mé.

28. Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh,agus ní chaillfear go deo iad,ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.

29. M'Athair a thug dom iad, is mó é ná cách,agus ní féidir d'aon duine fuadach ó láimh m'Athar.

30. Is aon mise agus an tAthair.”

31. Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis.

32. D'fhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m'Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?”

33. D'fhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.”

34. D'fhreagair Íosa iad:“Nach bhfuil sé scríofa in bhur ndlí,‘Dúirt mé: Is déithe sibh’?

35. Má thug sé déithe orthu siúdar labhraíodh briathar Dé leo,agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,

36. an té a naomhaigh an tAthair,agus a chuir sé uaidh sa saol,an ndeir sibhse leis: ‘Sin diamhasla agat!’mar gur dhúirt mé: ‘Is mé Mac Dé’?

37. Mura ndéanaim oibreacha m'Athar,ná creidigí mé.

38. Ach má dhéanaim,fiú amháin mura gcreideann sibh mé,creidigí sna hoibreacha,i dtreo go mbeadh a fhios agaibh,agus go dtuigfeadh sibh,go bhfuil an tAthair ionam,agus mise san Athair.”

39. Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil ansin, ach d'éalaigh sé óna lámha.

40. Agus d'imigh sé leis arís sall thar Iordáin, go dtí an áit ina raibh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus d'fhan sé ann.

41. Agus tháinig na sluaite chuige agus deiridís: “Ní dhearna Eoin aon mhíorúilt, ach na nithe go léir a dúirt Eoin mar gheall ar an duine seo, b'fhíor dó iad.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 10