Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 10:23-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh.

24. Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”

25. D'fhreagair Íosa iad:“D'inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh.Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m'Athar,tugann siad fianaise i mo thaobh.

26. Ach ní chreideann sibhse,mar ní de mo chaoirigh sibh.

27. Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,agus aithním iad, agus leanann siad mé.

28. Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh,agus ní chaillfear go deo iad,ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.

29. M'Athair a thug dom iad, is mó é ná cách,agus ní féidir d'aon duine fuadach ó láimh m'Athar.

30. Is aon mise agus an tAthair.”

31. Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis.

32. D'fhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m'Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?”

33. D'fhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.”

34. D'fhreagair Íosa iad:“Nach bhfuil sé scríofa in bhur ndlí,‘Dúirt mé: Is déithe sibh’?

35. Má thug sé déithe orthu siúdar labhraíodh briathar Dé leo,agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 10