Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 10:17-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dommar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim,chun go nglacfainn chugam arís í.

18. Níl aon duine á tógáil uaim;is uaim féin a thugaim uaim í,agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaimagus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís.Sin í an aithne a fuair mé ó m'Athair.”

19. D'éirigh aighneas arís idir na Giúdaigh mar gheall ar na briathra sin.

20. Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?”

21. Dúirt cuid eile: “Ní focail deamhnaigh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?”

22. Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é.

23. Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh.

24. Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”

25. D'fhreagair Íosa iad:“D'inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh.Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m'Athar,tugann siad fianaise i mo thaobh.

26. Ach ní chreideann sibhse,mar ní de mo chaoirigh sibh.

27. Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,agus aithním iad, agus leanann siad mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 10