Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 10:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí.

2. An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach.

3. Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin as a n‑ainm, agus seolann amach iad.

4. Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth.

5. Ní baol go leanfadh siad coimhthíoch, ach teithfidh siad uaidh mar nach n‑aithníonn siad guth na gcoimhthíoch.”

6. Labhair Íosa an tsolaoid sin leo, ach níor thuig siadsan cad a bhí á rá aige leo.

7. Ansin dúirt Íosa leo arís:“Amen, Amen, a deirim libh,Mise doras na gcaorach.

8. Gach ar tháinig romham,bithiúnaigh a ba ea iad agus robálaithe,agus níor éist na caoirigh leo.

9. Mise an doras.Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é.Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amachagus gheobhaidh sé féarach.

10. Ní thagann an bithiúnach ach chun bheithag goid, ag marú agus ag milleadh.Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acuagus go mbeadh sí acu go fial.

11. Mise an sáraoire,Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.

12. An fostúch, nach bhfuil ina aoire,agus nach leis féin na caoirigh,feiceann sé an mac tíre ag teacht,agus fágann na caoirigh agus teitheann,agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann.

13. [Teitheann sé] de bhrí gur fostúch é,agus gur cuma leis mar gheall ar na caoirigh.

14. Ach is mise an sáraoire,agus aithním mo chuid féin,agus aithníonn mo chuid féin mé,

15. faoi mar a aithníonn an tAthair mé,agus mar a aithnímse an tAthair.Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach.

16. Tá caoirigh eile agam chomh maith,nach den chró seo iad.Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith,agus éistfidh siad le mo ghlór,agus beidh aon tréad amháin ann,agus aon aoire amháin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 10