Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 6:18-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.

19. Agus guígí ormsa chomh maith, le hionchas, nuair a osclóidh mé mo bhéal, go dtabharfar dom labhairt go dána agus rún an dea-scéil a fhógairt -

20. an dea-scéal a bhfuilimse i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir.

21. Tabharfaidh Tichiceas, mo chara ionúin agus mo chúntóir dílis in obair an Tiarna, faisnéis iomlán daoibh fúmsa ionas go mbeidh a fhios agaibh conas táim agus conas atá ag éirí liom.

22. Táim á sheoladh chugaibh d'aon ghnó chun fios mo chúrsaí a bheith agaibh agus chun sólás a chur ar bhur gcroí.

23. Go dtuga Dia an tAthair agus an Tiarna Íosa Críost síocháin agus grá mar aon le creideamh do na bráithre uile.

24. Go raibh grásta ar chách a bheir grá buanmharthanach dár dTiarna Íosa Críost.

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 6