Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 6:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí, sa Tiarna, mar is é an ceart é.

2. “Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir”; sin í an chéad aithne a bhfuil gealltanas ag dul léi:

3. “ionas go mbeadh an rath ort agus go mbeadh saol fada ar talamh agat.”

4. Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.

5. A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin,

6. agus gan bheith ag súilseirbhís ar nós lucht lútála ach sibh ag déanamh toil Dé ó chroí mar a dhéanfadh seirbhísigh Chríost.

7. Déanaigí bhur ndualgas le fonn amhail agus dá mba don Tiarna a bheadh sibh ag seirbhís agus nach do dhaoine,

8. agus a fhios agaibh, cibé ní fónta a dhéanann sibh, go bhfaighidh gach duine, saor nó daor, a chúiteamh ón Tiarna.

9. Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile

10. Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.

11. Cuirigí iomaibh cathéide Dé chun bheith in ann seasamh in aghaidh chealga an diabhail.

12. Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí domhain seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas.

13. Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán.

14. Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n‑ucht

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 6