Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Maireachtáil faoin Solas

1. Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach,

2. agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.

3. Maidir le drúise nó graostacht d'aon sórt nó saint, ná luaitear in bhur measc iad fiú amháin, mar ní healaí do na naoimh iad.

4. Ná bíodh agaibh ach oiread an drochchaint ná an tseafóid ná an magadh, nithe nach n‑oireann; ag gabháil buíochais do Dhia ba chóra daoibh a bheith.

5. Bíodh a fhios seo agaibh: duine ar bith atá tugtha don drúis nó don mhígheanmnaíocht nó don tsaint - rud is ionann agus íoladhradh - níl aon pháirt aige i ríocht Chríost agus Dé.

6. Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.

7. Ná bíodh aon bhaint agaibhse lena leithéidí;

8. mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais -

9. bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne.

10. Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna

11. agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.

12. Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim.

13. Gach uile ní a nochtar faoin solas, áfach, éiríonn sé follasach

14. agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear:“Dúisigh a chodlatáin!Éirigh ó na mairbhagus lonróidh Críost ort.”

15. Bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair, dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara

16. ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo.

17. Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.

18. Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,

19. ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh,

20. ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost.

Fir agus Mná

21. Bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost.

22. Bíodh na mná umhal dá gcuid fear mar a bheidís don Tiarna,

23. mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp.

24. Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanná bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní.

25. A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d'fhonn í a choisreacan do Dhia.

26. Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce

27. d'fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim.

28. Go deimhin, tá d'fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an té a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá.

29. Ní raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach faoi mar a dhéanann Críost don Eaglais,

30. de bhrí gur baill dá chorp sinne.

31. “Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.”

32. Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.

33. Ar aon chuma grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear.