Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 4:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Cad tá le tuiscint as an “dul in airde” sin ach gur tháinig sé anuas chomh maith ar an domhan íochtarach seo?

10. An té sin a tháinig anuas, is é an duine céanna é a chuaigh thar na flaithis uile amach chun go líonfadh sé an chruinne cheathartha.

11. Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n‑aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n‑aoirí agus ina múinteoirí,

12. d'fhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach;

13. go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar chomhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide.

14. Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.

15. Má leanaimid den fhírinne le teann grá, áfach, fásfaimid suas i ngach slí nó go ndéanfar dínn Críost, is ceann orainn.

16. Mar is é a bheir don chorp a bheith fite fuaite ina chéile le cabhair gach nasc dá bhfuil ag fónamh dó, agus, de réir mar a bhíonn gach ball ag gníomhú mar is cuí, fásann an corp iomlán agus téann i méid sa ghrá.

17. Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n‑aird ar nithe baotha,

18. a bhfuil scamall ar a n‑aigne, agus iad dealaithe amach ó bheatha Dé de dheasca a gcuid aineolais agus chruas a gcroí.

19. Le barr patuaire tá siad tugtha suas don drabhlás agus do gach sórt graostachta a chleachtadh gan srianadh.

20. Ní mar sin a chuir sibhse eolas ar Chríost, áfach,

21. má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 4