Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 4:23-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. athnuachan a dhéanamh ar bhur meon agus ar bhur n‑aigne

24. agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor.

25. Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.

26. Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr,

27. agus ná maireadh an racht thar luí na gréine le heagla go dtabharfadh sibh áiméar don diabhal.

28. An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá láimh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngannchuid.

29. Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.

30. Ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh i gcomhair lá na fuascailte.

31. Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.

32. Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 4