Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 4:12-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. d'fhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach;

13. go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar chomhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide.

14. Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.

15. Má leanaimid den fhírinne le teann grá, áfach, fásfaimid suas i ngach slí nó go ndéanfar dínn Críost, is ceann orainn.

16. Mar is é a bheir don chorp a bheith fite fuaite ina chéile le cabhair gach nasc dá bhfuil ag fónamh dó, agus, de réir mar a bhíonn gach ball ag gníomhú mar is cuí, fásann an corp iomlán agus téann i méid sa ghrá.

17. Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n‑aird ar nithe baotha,

18. a bhfuil scamall ar a n‑aigne, agus iad dealaithe amach ó bheatha Dé de dheasca a gcuid aineolais agus chruas a gcroí.

19. Le barr patuaire tá siad tugtha suas don drabhlás agus do gach sórt graostachta a chleachtadh gan srianadh.

20. Ní mar sin a chuir sibhse eolas ar Chríost, áfach,

21. má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh.

22. Agus is é teagasc a fuair sibh bhur seansaol a chaitheamh uaibh, an sean-nadúr a bhíonn á thruailliú ag ainmhianta claona;

23. athnuachan a dhéanamh ar bhur meon agus ar bhur n‑aigne

24. agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor.

25. Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.

26. Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr,

27. agus ná maireadh an racht thar luí na gréine le heagla go dtabharfadh sibh áiméar don diabhal.

28. An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá láimh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngannchuid.

29. Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 4