Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 4:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh

2. agus sibh a bheith lán d'uirísle, de láchas agus d'fhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile

3. agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána.

4. Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia.

5. Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin.

6. Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.

7. Ach tá a thabhartas féin faighte ag gach duine ar leith againn de réir mar a riar Críost orainn é,

8. faoi mar a deir an scrioptúr:“Ar dhul in airde dó,ghabh sé slua cimíagus thug tabhartais do dhaoine.”

9. Cad tá le tuiscint as an “dul in airde” sin ach gur tháinig sé anuas chomh maith ar an domhan íochtarach seo?

10. An té sin a tháinig anuas, is é an duine céanna é a chuaigh thar na flaithis uile amach chun go líonfadh sé an chruinne cheathartha.

11. Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n‑aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n‑aoirí agus ina múinteoirí,

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 4