Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 1:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Le barr grá dúinnleag sé amach ó thúsde réir mhian a thola féingo mbeimisne inár gclann aige

6. trí Íosa Críost,i dtreo go molfaí an grásta as cuimsea roinn sé orainn go frasina Mhac muirneach.

7. Is sa Mhac sin,as ucht a chuid fola,atá ár bhfuascailt faighte againne,maithiúnas ár gcionta,

8. de réir iomadúlacht an ghrástaa roinn sé orainn go fial.Le teann eagna agus gaoise

9. nocht sé dúinn rún a thola -de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thúslena chur i gcrích i gCríost,

10. nuair a bheadh an t‑ionú tagtha -mar atá, an beartasgach a bhfuil ar neamh agus ar talamha thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.

11. Mar is i gCríosta roghnaíodh sinne inár n‑oidhríagus a leagadh amach dúinn,de réir intinne an té úda oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,

12. a bheith ar na chéad daoinea chuirfeadh a muinín i gCríostchun moladh agus glóire Dé.

13. Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin,nuair a chuala sibhse briathar na fírinneagus dea-scéal bhur slánaithe,nuair a chreid sibh ann agusgur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.

14. Is éarlais an Spiorad ar ár n‑oidhreachtnó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi;chun moladh a ghlóire.

15. Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir,

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 1