Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 1:16-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m'urnaithe.

17. Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.

18. Go soilsítear súile bhur n‑aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa

19. agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh - an chumhacht éachtach úd

20. a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é

21. go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith.

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 1