Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 1:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost.

2. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia, ár nAthair, agus ón Tiarna Íosa Críost.

3. Moladh le Dia,le hAthair ár dTiarna Íosa Críost,a bhronn orainn, i gCríost,gach tabhartas spioradálta sna flaithis.

4. Roimh thúsú an domhainroghnaigh sé sinn i gCríostchun bheith naofa gan locht os a chomhair.

5. Le barr grá dúinnleag sé amach ó thúsde réir mhian a thola féingo mbeimisne inár gclann aige

6. trí Íosa Críost,i dtreo go molfaí an grásta as cuimsea roinn sé orainn go frasina Mhac muirneach.

7. Is sa Mhac sin,as ucht a chuid fola,atá ár bhfuascailt faighte againne,maithiúnas ár gcionta,

8. de réir iomadúlacht an ghrástaa roinn sé orainn go fial.Le teann eagna agus gaoise

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 1