Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 9:23-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Dá bhrí sin, má ba ghá macasamhla na nithe neamhaí a ghlanadh le híobairtí den sort seo tá gá le híobairtí atá níos fearr fós chun na nithe neamhaí féin a ghlanadh.

24. Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.

25. Ach ní théann sé isteach ann chun é féin a ofráil arís agus arís eile faoi mar a théann an t‑ardsagart isteach san Áit Rónaofa bliain i ndiaidh bliana le fuil nach leis féin.

26. Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.

27. Caithfidh gach duine bás a fháil an t‑aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air.

28. Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 9