Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 9:12-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn.

13. Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad.

14. Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.

15. Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.

16. Nuair a bhíonn uacht i gceist, áfach, caithfear a chruthú go bhfuil an duine a rinne é marbh.

17. Óir fad is beo dó bíonn an uacht gan éifeacht; ní thagann sí i bhfeidhm go dtí go bhfaigheann sé bás.

18. Sin é an fáth nach ndearnadh fiú amháin an chéad chonradh gan doirteadh fola.

19. Is amhlaidh a d'fhógair Maois na haitheanta go léir don phobal uile ar dtús faoi mar a bhí siad scríofa sa dlí. Ansin thóg sé fuil na laonna (agus na ngabhar) agus uisce agus chroith sé ar an Leabhar féin iad agus ar an bpobal uile le holann chraorag agus le híosóip,

20. á rá: “Is í seo fuil an chonartha ar ordaigh Dia daoibh é a choimeád.”

21. Mar an gcéanna chroith sé an fhuil ar an mboth agus ar na gréithe uile a d'úsáidtí sa liotúirge.

22. Go deimhin, de réir an dlí is beag nach le fuil a ghlantar gach ní agus ní mhaitear peacaí gan doirteadh fola.

23. Dá bhrí sin, má ba ghá macasamhla na nithe neamhaí a ghlanadh le híobairtí den sort seo tá gá le híobairtí atá níos fearr fós chun na nithe neamhaí féin a ghlanadh.

24. Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 9